10 nathanna cainte is féidir leat usáid chun Gaeilge a spreagadh

Tosnaíonn an fás de Gaeilge le rudaí bunúsacha

Written by Katie Halpin-Hill

10-nathanna-cainte-is-féidir-leat-usáid-chun-gaeilge-a-spreagadh-thumbanail

You can find this article in English here

Ó rang a haon go bhliain a sé, foghlaim an chuid is mó de dhaoine Gaeilge ar scoil ach sa dheireadh, níl ach beagán líofacht ag daoine. Foghlaimid Gaeilge le haghaidh dó dhéag bhliain- ba cheart go mbeadh líofacht ag gach uile duine nach atá siad i mbliaina sé.

Is é an fáth nach bhfuil daoine ag labhairt Gaeilge sa gnáthsaol ná go bhfuil an slí ina bhfuil Gaeilge múinte go huile agus go hiomlan mí-cheart. Níl daoine muiníneach faoin chuid Gaeilge atá acu mar níl aon béim ar labhairt na Gaeilge i scoileanna lán-Béarla, agus ceapaim go bhfuil sé sin an-dainséarach don teanga.

Chuaigh mé go dtí bunscoil lán-Béarla agus meánscoil lán-Gaeilge. Is cuma leis an-chuid scoileanna Béarla faoi caomhnú agus spreagadh an Ghaeilge. Ní thuigeann morán dóibh an tábhacht a bhaineann leis, nó an stair atá taobh thiar de. Is í an Ghaeilge teanga dúchasacha ár dtír. Caithfimid í a athbheocaint agus í a chosaint. Caithfimid é sin a múineadh inár scoileanna mar caithfidh daoine é a thuiscint. Ceapaim go bhfuil sé sin riachtanach don fás an Gaeilge arís.

Chomh maith le sin, ceapaim nach labhríonn morán daoine Gaeilge sa saol laethúil mar ceapann siad gur caithfidh a gcuid gramadach a bheith foirfe chun í a labhairt. Is é an fhírinne ná go bhfuil sé níos tabhachtaí chun grá a bheith agat in do chroí faoin Gaeilge. Caithfidh tú a bheith bródúil as agus caithfidh tú í a labhairt leis an grá sin. Is cuma má tá do chuid gramadach go dona, má labhríonn tú í geallaim go mbeadh feabhas ag teacht uirthi. Déanann gach uile duine botúin. Is iad tríd na botúin ina thagann feabhas!

An slí is fearr chun cabhrú le fás an Gaeilge ná í a úsáid sa gnáthsaol. Rud amháin is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú ná frásaí bunúsacha a usáid in ionad a bheith á labhairt na rudaí céanna as Béarla. Labhair Gaeilge leis na daoine sa siopa nó an t-ollmhargadh nuair atá tú ag déanamh do siopadóireacht. Tosnaíonn an fás de Gaeilge le rudaí bunúsacha mar ‘go raibh maith agat’. Is iad na rudaí sin na factóirí a spreagann daoine chun níos mó Gaeilge a labhairt.

Dhein mé liosta de deich frásaí an-bhunúsacha agus conas is féidir leat iad a usáid chun cabhrú leat do chuid a dhéanamh don athbheocain na Gaeilge:

1. Go raibh maith agat

‘Thank you’ (Guh rev mah ug-ut)

Seo nath cainte an-bhunúsach ar fad ach ceapaim go bhfuil sé an-tabhachtach. Is féidir le focail chomh simplí sin comhrá a thosnú faoin Gaeilge.

2. Tá fáilte romhat

‘You are welcome’ (Taw fawl-ta rowat)

Is féidir leat é seo a usáid chun ‘go raibh maith agat’ a fhreagairt agus an usáid de Gaeilge ó daoine eile a aithint.

3. Dún an doras

‘Close the door’ (Doon ahn dur-us)

Mar go bhfuil an geimhreadh ag teacht, tá an abairt seo an-tabhachtach. Is cuimhin le morán daoine é ón scoil agus mar sin, tá sé go maith chun Gaeilge a spreagadh sa phobail.

4. An rud is annamh is iontach

‘The thing that is seldom is wonderful’ (Ahn rud is onn-av is oon-tuck)

Beidh ionadh ort faoin méid is féidir leat an seanfhocal seo a usáid i gnathcainte. Is féidir leis a bheith i ndairíre, ach is féidir leis a bheith greannmhar chomh maith.

5. Conas atá tú?

‘How are you?’ (Kun-is ah taw to?)

Tá an nath cainte seo an-chabhrach ar fad má tá tú ag iarradh comhrá a thosnú as Gaeilge.

6. Cá bhfuil an _______?

‘Where is the _______?’  (Caw vwil ahn ______?)

Is féidir leat an spás a líonadh le áit nó rud éigín. Muna bhfuil an rud ar eolas agat, is é foclóir Béarla-Gaeilge maith ná: www.focloir.ie

7. An dteastaíonn uait/uaibh bia a fháilt?

‘Would you/ye like to get food?’ (Ahn dastian ooit/oove bee-a ah awlt?)

Beidh fhios ag gach duine atá aithne acu orm go bhfuil an abairt seo an cheann is fearr liom go deo!

8. Tabhair dom an guthán

‘Pass me the phone.’ (To-wer dum ahn guh- awn)

Is féidir leat an focail ‘guthán’ a mhailirt le aon rud, mar shampla ‘nuachtáin’ nó ‘salann’.

9. Más é do thoil é

‘Please.’ (Mawhsh ay duh hull ay)

Is é an chiall leis an abairt seo go díreach ná ‘if it is your will’, ach usáideann daoine é sa gnáthcainte chun ‘please’ a rá.

10. An bhfuil Gaeilge agat?

‘Do you have Irish?’ (Ahn vwil Gway-ling ug-ut?)

An cheann is tabhachtaí as na habairtí go léir sa liosta seo! Má usáideann tú é seo, geallaim go mbeach ionadh ort faoin méid daoine a freagraíonn duit i nGaeilge.

Ná bí eagla ort Gaeilge a labhairt sa gnáthsaol. Cuimhnigh- ní caithfidh sé a bheith foirfe. Sa deireadh, is iad na frásaí seo ná rudaí fíor bheag, ach uaireanta, is iad na rudaí beaga na rudaí is tabhachtaí. Caithfimid Gaeilge a spreagadh agus tríd na abairtí seo a usáid, tá tú ag dhéanamh difríocht ollmhór. Is iad na rudaí beaga na rudaí is tabhachtaí i athbheocain na nGaeilge.

Our work is supported by

funders-logo1
Community-foundation
funders-logo3
rethink-ireland