An Ghaeilge, cén fáth a bhacaim?

“Ná lig don chóras oideachais, do ghrá nó paisean don teanga a mharú, go díreach (beagnach) mar a tharla dhomsa.”

Written by Luke Rock

an-ghaeilge,-cén-fáth-a-bhacaim?-thumbanail

Ar dtús, bhí gnáthshaol agamsa ó thaobh na gaeilge de, ón lá a saolaíodh mé. Níor tógadh sa Ghaeltacht mé, le Gaeilge bheo timpeall ormsa achan lá, agus níor fhreastail mé ar Ghaelscoil. Gnáthscéal an chuid is mó daoine in Éirinn é sin, go dtí an pointe seo, ach tharla athrú i mo scéal féin sa séú bliain, nuair a fuair mé múinteoir nua agus ath-rugadh mo ghrá don teanga. Deirimse ath-rugadh ach ag an am sin, ní raibh a fhios agam go raibh an grá ionam roimhe, toisc gur maraíodh i rith na meánscoile é.

Mar sin de, shocraigh mé go dtógfainn seans. Bhí mé ag iarraidh céim ceoil a dhéanamh i gcónaí ach roghnaigh mé chun céim ceoil le Gaeilge a dhéanamh ina ionad. Agus dá bhféachcfá ormsa anois, ní chreidfeá gurb é sin an cás. Sa choláiste, bhí mé in ann saol nua a dhéanamh dhomsa tríd an nGaeilge. Fuair mé poist ag obair trí mheán na Gaeilge agus anois cónaím i dteach lán-Ghaeilge ar champas mo choláiste. Ar ghnáthlá, labhraím beagnach Gaeilge amháin.

So, cén chaoi gur tharla sé gurb í an Ghaeilge an chuid is lárnaí mo shaol anois? Níor thóg sé ach múinteoir amháin chun mo shuim sa teanga a chur chun cinn. Mar sin, an bhfuil todhchaí na teanga ag braith ar chaighdeán múinteoirí agus an seans go bhfaighidh tú múinteoir le dúil agus grá don teanga? Ag am éigin, déarfainn gurb é sin an cás, ach faoi mar a fheiceann éinne atá páirteach leis an bPobal Gaelach in Éirinn, tá athbheochan na Gaeilge ag teacht uainne; na daoine óga.

Tá cur chun cinn mar ghealll ar na grúpaí sna hollscoilleana, agus gníomhaíochtaí cosúil le Ceol le hEoghan McDermott nó bannaí ceoil nua ag teacht chun cinn ag úsáid na Gaeilge ina gcuid amhrán. Fiú tá láthair campála Gaeltachta in ‘Electric Picnic’ anois! Dea-rud is ea é sin, ach ag an am céanna ní féidir linn gach aon rud a dhéanamh chun an teanga a chur chun tosaigh gan chabhair ón rialtas agus go háirithe ón gcóras oideachais.

Bhí mé ag féachaint ar nótaí ardteiste mo charad le déanaí agus chonaic mé go raibh nótaí a fuair sé in Aibréan, bunaithe ar ‘na huimhreacha’, agus iad na nótaí a bhí daltaí ardleibhéil ag fáil, mí sular thosaigh siad an Ardteist. Rud a dhéanann daltaí céad bhliana ar an gcéad lá meánscoile nuair a thosaíonn siad Spáinnis nó Fraincís nó aon teanga nua. Níl iontas é gur fuath leis an gcuid is mó daoine a dhéanann staidéar ar Ghaeilge inár gcóras oideachais, an Ghaeilge!

Ceithre bliana déag caite agat ag staidéar teanga agus níl na huimhreacha ar eolas agat ag deireadh an lae. Is gá athrú a theacht air sin, má tá athrú chun teacht ar shaol na Gaeilge in Éirinn, ag an bpointe seo ina bhfuilimid ag déanamh ár ndíchill chun an teanga a choimeád beo. Agus fiú lasmuigh den scoil, dá mbeifeá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ba iad TG4 nó Raidió na Gaeltachta an tslí amháin chun Gaeilge a chloisint agus mura bhfuil suim agat i gcúrsaí na Gaeltachta, cén fáth go bhféachfá orthu? Ba é sin an rud ba mheasa faoi achmhainní na Gaeilge, bhí chuile rud as Gaeilge; bunaithe ar an nGaeilge (fiú an t-alt seo)!

Okay, mo leithscéal, táim críochnaithe ag geonaíl anois. Mar sin, cad is féidir leat a dhéanamh dá mba mhaith níos mó Gaeilge a bheith agat? Tá dea-scéala agam mar, cé go bhfuil an córas oideachais ag teip orainn faoi láthair, tá go leor deiseanna ar fáil chun an Ghaeilge a úsáid! Tá Pop-up Gaeltachtaí ag tarlú fud fad na tíre, go leor clubanna páirteach leis an nGaeilge sna hollscoileanna, gnáth-imeachtaí agus spórt as Gaeilge, scannáin ag teacht amach le cuid Gaeilge iontu (is iontach an scannán é Black 47 mura bhfaca tú é!) agus go leor rudaí eile. Agus, tá céimeanna iontacha ar fáil leis an nGaeilge más Gaeilge amháin í, nó Gaeilge le hábhar eile mar atá mise á dhéanamh nó fiú céimeanna trí mheán na Gaeilge mar atá ar fáil in DCU agus Ollscoil na Gaillimhe. An t-aon píosa comhairle atá agamsa ná; ná lig don chóras oideachais, do ghrá nó paisean don teanga a mharú, go díreach (beagnach) mar a tharla dhomsa.

This article was written by a SpunOut.ie volunteer. Check out our volunteering opportunities here and get in touch if you’re interested in getting involved.

Our work is supported by

funders-logo1
Community-foundation
funders-logo3
rethink-ireland