Treoir éasca le polaitíocht na hÉireann a thuiscint

Seo ár dtreoir do na heochairfhocail a bhíonn in úsáid ag am toghchán

Written by spunout

treoir-éasca-le-polaitíocht-na-hÉireann-a-thuiscint-thumbanail

Bíonn córas polaitiúil na hÉireann mearbhallach scaití, mar úsáídtear foclaíocht agus tearmaíocht dhátheangach go leor den am. Beidh tú níos muiníní faoi cen chaoi a chaithfidh tú do vóta ar lá na vótála nuair a thuigeann tú na rudaí bunúsacha. Míníonn an t-alt seo cuid de na tearmaí tábhachtacha a úsáidtear i bpolaitíocht na hÉireann agus le linn toghchán.

Polaitíocht na hÉireann a thuiscint

Olltoghchán

Tarlaíonn Olltoghchán chuile cheithre bhhliain in Éirinn. Seo nuair a chaitheann an dream atá incháilithe (18+) vóta ar son an duine a chreideann siad a dhéanann an ionadaíocht is fearr orthú chun Teachtaí Dála nua a thoghadh. Ansin, is féidir leis an bpáirtí polaitíochta leis an chuid is mó Teachtaí rialtas a chruthú. Muna bhfuil móramh ag aon páirtí, seans go mbeidh orthú rialtas a chruthú le páirtí eile chun móramh a chruthú- glaoitear comhrialtas air seo.

TD (Teachta Dála)

Is baill tofa de Dháil Éireann (Pairlimint na hÉireann) iad Teachtaí Dála. I mBéarla, ghlaofaí Baill Phairliminte orthu. Tá TD in ann a bheith ina bhall de pháirtí Rialtais nó ina chúlbhinseoir ded chuid an fhreasúra.

An tOireachtas

Is é an tOireachtas reachtas na hÉireann, sin é an foras atá freagrach as dlíthe agus polasaithe poiblí a chruthú in Éirinn. Is iad an Dáil, an Seanad, agus Uachtarán na hÉireann atá i gceist.

An Dáil

Is é an Dáil teach íochtarach an Oireachtais. Toghtar Teachtaí Dála in olltoghchán. Go bunúsach, is é an Dáil ár rialtas láir. Is féidir rialtas aonpháirtí nó comhrialtas (dhá pháirtí nó níos mó) a bheith ann. Suíonn siad i dTeach Laighin agus rialaíonn siad an tír.

An Seanad

Is é an Seanad teach uachtarach an Oireachtais. In 2013, bhí reifreann ann le féáchaint ar chóir deireadh a chur leis agus votáil muintir na hÉireann é a choinneáil. Tá sé mar feidhm ag an Seanad an Dáíl a iniúchadh. Cé nach bhfuil Seanadóirí in ann bille a stopadh, is féidir leo é a mhoilliú agus athscrúdú a fháil déanta air. Ceaptar Seanadóirí go dtí an Seanad i mbealaí eagsúla. Ceapann an Taoiseach 11, toghann céimithe Coláiste na Trionóide 3, toghann céimithe Ollscoil na hÉireann 3 agus bíonn 45 tofa ag painéil speisialta Teachtaí Dála, Seanadóirí agus comhairleoirí áitiúla.

Dáilcheantar

Glaoitear dáilcheantar ar an gceantar a ndéannan polaiteoir ionadíocht air. De ghnáth, bíonn idir 3 agus 5 Teachta Dála do chuile dháilcheantar in Éirinn. Má chailtear Teachta nó má éiríonn Teachta Dála as, toghann muintir an dáilcheantair Teachta Dála nua amháin trí fhothoghchán.

Aonvóta inaistrithe

Seo é an córas a úsáidtear anseo do thoghcháin áitiúla, toghcháin Eorapacha agus olltoghcháin. Nuair a iomíonn tú chuig an stáisiún vótála, faigheann tú píosa páipéir le liosta de na hiarrthóirí air. Ansin, cuireann tú uimhir de réir do rogha; 1 don chéadrogha, 2 don dara rogha agus mar sin de. Muna bhfuil uait ach vóta a thabhairt d’iarrthóir amháin, cuir síos do chéadrogha amháin. Más maith leat iad uilig, cur síos uimhreacha de réir cé ab fhearr leat.

Sin é sa stáisiún vótála agus sin do jab déanta. Nuair a thagann sé go comhaireamh, éiríonn rudaí níos casta arís. Tá aonvóta inaistrithe (AI) leagtha amach chun ionadaíocht chionmhar (IC) a chinntiú. Ciallaíonn sé seo, mar shampla, má fhaigheann Fianna Fáil 30% de na vótaí, gheobhann siad 30% de na suíocháin. É sin ráite, níl aon bhealach le cinntiú an mbeidh na suíocháin uilig, roinnt suíocháín nó súiochán ar bith ag dul chuig do pháirtí-se go dtí go mbeidh an chéad chomhaireamh thart.

Léigh ár n-alt ar Aonvóta inasitrithe agus ionadaíocht chionmhar agus an córas vótála in Éirinn a thuiscint.

Cuóta

Socraítear cuóta (an méid vótaí a theastaíonn le bheith tofa) ag braith ar mhéid an dáilcheantair, an líon suíocháin atá ar fáil agus an méid vótaí a chaitear. Má tá cuóta de 500, tá aon iarrthóir le níos mó ná 500 vóta tofa! Má tá barrachas vótaí, tá siad roinnte amach go dtí dara rogha na vótálaithe. Tar éis roinnt amach na vótaí breise, má tá iarrthóirí nach bhfuil tar éis an chuóta a bhaint amach tá siad curtha as an áireamh. Féach anseo le haghaidh alt le níos sonrathí.

Ionad Votála

Téann tú chuig ionad vótála chun do vóta a chaitheamh. Braitheann d’ionad ar cén áit ina bhfuil tú i do chónaí. Beidh formhór na ndaoine óga cláraithe san áit ar tógadh iad – rud atá in ann a bheith mí-áisiúil, má chónaíonn tú as baile don choláiste nó obair (an bhfuil tú cláraithe le vótáil? Faigh amach anseo) De ghnáth, is foirgneamh poiblí de shaghas éigin a bhíonn ann, cosuil le scoil áitiúil, halla baile, ionad pobail, srl. Faigh amach cá bhfuil d’ionad vótála trí bhreathnú ar do chárta vótála. Seachas sin, is féidir leat dul i dteagmhál le d’údarás áitiúil maidir le suíomh do Ionad Vótála.

Cárta Vótála

Faigheann tú do chárta vótála sa phost roimh thoghchán – Is cárta é le d’aimn, seoladh agus sonraí air. Tugann tú leat é go dtí an Ionad Vótála lá an toghcháin, baineann siad d’ainm ó liosta le rá gur tháinig tú agus gur chaith tú vóta. Ní bhfaighidh tú Cárta Vótála muna bhfuil tú cláraithe le vótáil, mar sin beidh ort clárú anseo murar chláraigh tú cheana féin.

Bosca Ballóide

Tar éis duit do bhallóid a líonadh amach, fill do bhallóid chun rúndacht do vóta a chosaint agus cur sa bhosca mór leis an bpoll ar bharr é chun do vóta a chaitheamh.

Ballóid

Is píosa páipéir le liosta na n-iarrthóirí é ballóid. Cuireann tú uimhir leo de réir tosaíocht- is féidir uimhir amháin a úsáid nó iad uilig – pé rud is mian leat. Do thoghcháin, beidh liosta iarrthóirí, agus a bpictúir. Do reifrinn, beidh an cheist a bhfuiltear áh iarraidh ar bharr, le rogha idir “Tá” nó “Níl” agat- pioc ceann agus sin é. Déan cinnte go bhfuil an Bhallóid líonta amach i gceart agat- Tá sé easca go leor ach má dhéanann tú botún, sin vóta millte agus ní chomhaireofar é.

Ballóid Neamhláithrí

Cuireann duine éigin ballóid neamhláithrí sa phost muna bhfuil siad in ann dul chuig an ionad vótála ar an lá vótála, ar chúis éigin. Is féidir go mbeadh sé úsáideach do duine nach bhfuil ina chónaí sa mbaile agus nach bhfuil tar éis a ionad vótála a athrú. Níl eisimircigh in ann vótáil i dtoghcháin, áfach; fiú le vóta neamhláithrí. An t-aon eisceacht ná saighdiúirí agus a chéilí a bhfuil lonnaithe thar lear. Is féidir go mbeadhvótaí neamhláithrí úsáideach do mhic léinn nach mbeidh in ann teacht abhaile – téigh chuig Fáisnéis do Shaoránaigh le haghaidh níos mó eolais.

Our work is supported by

funders-logo1
Community-foundation
funders-logo3
rethink-ireland